Scoil: Liscannor (B.) (uimhir rolla 4435)
- Suíomh:
- Liscannor, Co. Clare
- Múinteoir: Dónall Mac Cárthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear uasal in Éirinn fadó darab ainm Iarla Maoilsheachlainn. Bhí sé 'na gconaí i Cúige Mumhan. Bhí mac amhain aige Concúbair an ainm dó. Nuair a bhí Iarla Maoilsheachlainn AG fágháil bás bhí an mac in aice leis an leaba agus de dhein a athair Iarla Concúbair de. Nuair a fuair a athair bás bhí Iarla Concúbair go h-an uaigneach. Bhí a máthair marbh an uair sin agus bhí bean darab ainm Nora Mathgamhain mar máthair aige.Bhí gach cailín deas mór thimpeall an caisleáin ag iarraidh Iarla Conchubhair d’fághail cun pósadh, ach ní raibh aon grádh aige le h-aoinne aca. Nuair a bhí a athair marbh le blian go leith, do chuaigh sé mór thimpeall an Cúige chun cailín d’fhágáil chun pósadh. Do bhí Nora ag rádh a lán paidreacha go dtarfadh sé abhaile go slán agus go mbeadh bean céile aige leis. Níorbh féidir le Conchúbhair aon cailín óg d’fhágáil. Nuair a bhí sé ag dul abhaile connaic sé tigh cinn tighe síos i bothairín. Do chuaidh sé síos go dtí an tigh. Do chuala sé cailín ag gol agus bean ag bualadh í.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Peig Gáirnéar
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liscannor, Co. Clare
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Gáirnéar
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Liscannor, Co. Clare