Scoil: Liscannor (B.) (uimhir rolla 4435)
- Suíomh:
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Dónall Mac Cárthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dúbhairt an bean gur múin na mná ríoghalta san glochar chun pictiúrí dathú. Dúbhairt sí go raibh uirthi leath dosaen pictiúirí dathú le h-aghaidh an Nodhlag, agus nach deanfadh sí é.
Níor chreid Iarla Conchúbair focal d’en sgéal sin, ach thug sé caogadh púint do leas-máthair an cailín chun í a fágáil. ‘Sé Eibhlín ainm an cailín. Do chuir sí gach rud a bhí aici isteach i mbosca mór agus chuaidh sí le Conchúbhair. Do phós sagart, gaol do Concúbhair an beirt aca, agus bhí bainis mór i Caisleán Cill Mhuire le mí ‘na dhiadh sin.Uair amháin, bhí air Iarla Conúbhair dul go Blath Claith. Do thug sé dhá pictiuirí d’Eibhlín chun iad dathú, mar dubhairt a leasmáthair leis go raibh sí go h-an mhaith chun pictiúirí dathú. Nuair a chuaidh Iarla Concúbhair fuair Eibhlín bás nach mór mar is breag mór a dúbhairt a leasmáthair. ‘Sé an sgéal go léir ná—bhí deirbhsiur ag Eibhlín san Frainc agus do chur sí crios go Éibhlín. Ní tabharfadh Eibhlín an crios dá leasmáthair agus is é sin an cúis a bhí aici cun í a bualadh an lá a tháinig Iarla Concubhair go dtí a thigh.
Tháinig a circín beag liath isteach an fhuinneóig, agus dúbhairt sí le Eibhlín go dtabharfadh sí a ainm chúici agus go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Gáirnéar
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Gáirnéar
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir