School: Liscannor (B.) (roll number 4435)

Location:
Liscannor, Co. Clare
Teacher:
Dónall Mac Cárthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 149

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 149

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Liscannor (B.)
  2. XML Page 149
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Lánamha phósta a bhí ag teacht abhaile ó thig an t-sagairt. ...

    149
    Lánamha phósta a bhí ag teacht abhaile ó thig an t-sagairt.Chonaiceadar dhá éan ar páirc.Is bhréagh an dhá ghe iad san ansan bean.Níl ann acht aon ghé amháinarsan fear.Deirim-se go bhfuil dhá ghé ann arsan bhean.Níl go deimhin ach aon gé amháin arsan fear agus do leanadar ag áiteam ar a chéile .Do chaith an bhean i féin ar an mbóthar .Éirigh arsan an fear agus téanam ort abhaile.
    An bhfuil dhá ghé ann ar sise .Níl ar seiseann ach aon ghé amháin.Dhún sí a súile agus leig uirthi bheith marbh.Rugadh abhaile an corp agus tháinig na cómharsain chun torramh.Ghluais an t-sochraidh ar maidin agus do thannathaas go dtí an reilige.Bhí an uaigh ar leathadh agus do leig an sagart na páidreacha .Do chuir an cómhra síos san uaigh .Do chaitheadh sluasad cré anuas ar an gcómhrainn.
    Do sggread an bhean A Thaidhg , A Thaidhg ar sise leig amach as so mé níl ann ach aon ghé amháin nó dhá ghe pé acu is maith leat.Do rith na daoine as an reilig agus d'oscail Taidhg an cómhra thóg se an bhean as an chómra ,agus chuir sí cúpla fannteis asta.Thugadar aghaidh ar an mbaile agus ba ghearr go bhfeachadar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1365B: Cutting with the Knife or the Scissors
    Language
    Irish
    Collector
    Brighidh ní Conchubhair
    Gender
    Female
    Address
    Cloghaun, Co. Clare
    Informant
    Máire Ní Catasaigh
    Gender
    Female
    Age
    64
    Address
    Cloghaun, Co. Clare