School: Liscannor (B.) (roll number 4435)

Location:
Liscannor, Co. Clare
Teacher:
Dónall Mac Cárthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 079

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 079

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Liscannor (B.)
  2. XML Page 079
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Uair amháin fadó bhí bean darab ainm Peig Ní Néill...

    Uair amhain fadó bhí bean darab ainm Peig Ní Néill ar cuaird le’n a gaoltaibh i gCo Cill Coinnig. Do casadh cailín óg uirthi darab ainm Eilís Ní Riain, agus bhí an beirt aca ana-mór lena céile. Bíodh siad ag imtheacht le chéile gach tráthnóna ag siúbhail agus ag rinncibh a bhíodh ag na crois bóithre go minic.
    Bhí glean darab ainm Gleann an Uata a bhí an-uaigneach ar fad giota beag uaidh. Tráthnóna amháin bhí Peig agus Eilís ag siúbháil fé déin na gleanna agus bhíodar ag cainnt go dithcheallagh acht go h-obann cad a chonnaic Peig nuair a d’fheach sí thar a gualann ach fear mór an-árd. Bhí éadaigh dubh air agus a agaibh cómh bán le cailc. Bhí dhá súil uathbhásach air, agus teine ag preabadh asta, i’s bhí fiacla fada buidhe i n-a bhéal. Bhí h-ata bog dubh ar a ceann, aguis gruaig ag tuitim ó imeall an h-ata go dtí a guailnibh.
    Leigh Peig scread aisti, nuair a chonnaic sí é. Nuair a tháisbeán sí do Éilis é, do thuit sí síos le neart scannradh agus í ag radh—“A Muire Dé, cabhruigh liom, agus slánuigh mé ó baoghal.” Do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peig Gáirdéar
    Gender
    Female
    Address
    Liscannor, Co. Clare
    Informant
    Caitlín Bean Gáirnéar
    Gender
    Female
    Age
    37
    Address
    Liscannor, Co. Clare