School: Scoil Bhríde, Liosceannúir
- Location:
- Liscannor, Co. Clare
- Teacher: Dónall Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- A Mháighistir Ná Fuil Mé Tréis Chasadh.Bhí fear ina chomhnuidhe san áit seo níos mó ná céad bliadhain ó shoin. Tomás Ó Daibhíde a b'ainm dó. Tugtaí "Bully Devitt" mar leas ainm air. Le linn Conchubhar Ó Briain bheith 'na thíghearna talmhan i bPairc na Sgeiche bhí Tomás mar saghas seirbhíseach aige: fear an shaiobhear b'eadh Concubhar, agus fear crosta comh maith agus bíodh eagla an domhain ar na feirmeóiríbh bochta roimhe go mór mór nuair na feadfaidís an cíos a dhíol: fear an-láidir abeadh Bully Devitt agus bhí sé an-dhaibhir.Tugadh Bully air mar bhí sé an láidir: agus ní raibh fear sa pharóiste ábalta leis.
Lá amháin, chuir Concubhar Ó Briain fios ar Bhully; agus dubhairt sé leis teacht chuige lá 'na dhiaidh sin: gur teastaigh rud éigin uaidh ó Luimneach.(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Lachaidhe
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Toberbreeda, Co. Clare