School: Scoil Bhríde, Liosceannúir
- Location:
- Liscannor, Co. Clare
- Teacher: Dónall Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- CHINN FHAILLTETugtar Chinn Fhaillte mar ainm ar an mbaile sin mar tá sé suidhte in-aice le bárr-fhaille
BAILE THÍARACHTugtar Baille-Thíarach uirthi ós rud é go bfuil sé suidhte níos fuide síar ná aon baille fearainn eile sa pharóiste
BAILLE LÁNTugtar an ainm so uirthe, mar deireann na sean-daoine go raibh a lán tighthe ann fadó
CHILL- CHONNALLTagann an ainm seo ó chill na bpáistí atá ann
BAILL' ÁRDÓs rud é go bfuil sé suidhte ar bhárr chnuich
BAILL' an TÁLLIÚRADeirtear raibh a lán táilliúrí 'na gcomhnuidhe ann fadó
DAIRÍNDeireann na sean-daoine go raibh crainn daraide ag fás ann fadó
TOBAR NAOMH BRÍGHDEToisc gur dhein Naomh Bríghde sos gearr ann agus í ag taisteal ó Chonnacht go Mumha
BAILLE LIOSDÍNGheibheann sí a ainm ó lios beag atá ann
LIOSLORCHÁINBhí sagas tighearna talmhan ann fadó darbh ainm dó Lorcháin, tá lios ann freisin
BEACH Áit mar a bfuil crainn beithe ag fás go dtí an lá indiu
LEACH na SAGARTAr an dtaobh thiar de bhaile fearainn, Baille Thíarach atá "Leach na Sagart". Ós rud é gur rith na sagairt síos ann, ins na droch aimsirí, mar bhí saighdiúirí Cromwell ar a d'tóir
FHAILL BHRISTE CHROIDHECapall fiadhain a bhí ag Máire Ruadh do réir na sean-daoine. Chuaidh marchach ar a drom mar do chuir Máire gheall leis nách rachadh, amach leis an gcapaill go dtáinig sé go bárr-fhaille. D'ionntaigh an marchach an capall agus briseadh a chroidhe agus thuit sé marbh.
Scríobhtha ag Máire Uí Chonsaidín, Chinn Fhaillte, Lioscheannúir- Collector
- Máire Uí Chonsaidín
- Gender
- Female
- Address
- Kineilty, Co. Clare