30/01/2023 Weekly Pick  (See more »)

School: Scoil Bhríde, Liosceannúir

Location:
Liscannor, Co. Clare
Teacher:
Dónall Ó Seasnáin

Filter stories

Back
/ 066 Forward
Resolution: Low | High
Cill Aodáin

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 021

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

I
Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul 'un shíneadh.
A's tar éis na Féil Brighíde ardóchadh mo sheól.
Ó chuir mé in mo cheann é ní stopfaidh mé choidhche.
Go seasfhaidh mé síos i lár Chonndae Mhuigheó
I gClár-Cloinne Mhuiris bhéas mé an chéad oidhche
'S i mbaile taobh thíos de thosóchadh mé ag ól.
Go Coillte-Mach rachad go ndeanfaidh cuairt míosa ann.
I bhfoghas da mhíle go Béal an Áth'Mhóir

II
Fágaim le h-uadhachta go n-éirígheann mo chroidhe-se
Mar éirigheas an ghaoth no mar sgapas an cheó.
Nuair smuaínighim ar Chearra a's ar Ghaillin taobh shíos de.
Ar Sgeatach a' Mhíle no ar phlaínéad Mhuigh-eo
Cill Aodáin an baile a bhfásann gach nídh ann.
Tá sméára 's subh-craobh ann as meas ar gach sórt.
'S dá mbeínn-se 'mo sheasamh i g'ceart-lár mo dhaoine.
D'imtheóchadh an aois díom agus bhéinn arís óg.

(continues on next page)
Informant
Pádraig Ó Briáin
Gender
male
Age
75
Occupation
feirmeoir
Address
Derreen, Co. Clare
Language
Irish