School: Scoil Bhríde, Liosceannúir
- Location:
- Liscannor, Co. Clare
- Teacher: Dónall Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Luimneach. Dubhairt "Bully" go raghadh agus fáilte.
Bhí an oiread sin de sgannradh ar Bully roimh Concubhar gur rith sé abhaile ar an bpointe. Dubhairt sé leis a mhnaoi píosa
"stampy" a dhéanamh dó: d'eirigh ar a chúig a chlog maidean lá ar na bhárach: agus gan bróga ná capóg air ach an píosa " stampy" 'na láimh aige: ní raibh leath-mhíle den bhóthar curtha dhe nuair a bhí an stampy ithe aige: ní gadh a rádh is dócha ná raibh an oiead agus pinghinn 'na póca aige.
Nár dhein sé dearmad ar an méid a dubhradh leis an oidce roimh ré. Níor ghlaoidh sé ar Choncubhar sar a ndeachaidh sé. Ar aghaidh leis agus níor stad sé go dtáinig sé comh fada le Luimneach Níor dhein sé annsan ach iompú: agus ar aghaidh ar ais leis arís.
Bhí sé i bPáirc na Sgeiche ag a haon a chlogagus bhuail sé ar dhorus Chonchubhair. Tháinig Concubhar amach agus cuma an diabhail air le fearg. Dubhairt Concubhar le Bully "Cén fáth nár dhein tú mar a d'ordaigh mé. Ná dubhairt mé leat aréir go raibh gnó agam díot dul go Luimneach go luath ar maidin agus anois tá sé a haon a chlog: imig as mo radharc sar a marbochaidh me thú".
"Ó a Mhaigistir" arsa Bully: " Na fuil mé t'réis chasadh".
"Ó" arsa Concubhar " a leithéid d'amadán ní fheaca me ríamh".- Informant
- Pádraig Ó Lachaidhe
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Toberbreeda, Co. Clare