Scoil: Scoil na mBráthar
- Suíomh:
- Tipperary, Co. Tipperary
- Múinteoir: An Br. C.B. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar
- XML Leathanach 176
- XML “Logainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)crann sailighe ag fás timcheall na h-áite san fadó. Ba san áit sin do troid Brian Bórú i gcoinnibh na n-Danar agus i gcoinnibh Eoghanthacht Deas-Mhumhan 967.
Bóthar DóighteBóthar atá in aice Sulcóide. Is mar seo do fritheadh an ainm sin:- In aimsir Chromail bhí scata saighdiúirí ag gabháil tré'n áit. Do dhóghadar gach tigh dhá raibh ag an mbóthar seo. Uaidh sin amach, tugadh an Bóthar Dóighte air.
Móin MhórCeanntar in aice Sulcóide. Áit bhog seadh é, sin fé ndear - Móin. Tá áit eile cómhgarach do ar a dtugtar Móin Árd agus chun iad d'aithin thar a chéile tugtar an Móin Mhór ar an áit seo.
Bóthar TruimhBóthar é seo in aice Sulcóide. Bhí a lán Crann Truim ag fás ar gach taobh de'n bhóthar. Uaidh sin, tháinig a ainm Bóthar Truimh(leanann ar an chéad leathanach eile)