School: Cromadh (B.)

Location:
Croom, Co. Limerick
Teacher:
Dáithí Ó Ceanntabhail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0507, Page 095

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0507, Page 095

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromadh (B.)
  2. XML Page 095
  3. XML “Tósta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "an fear a dtuibhradh dhom píopa tobac nuair a bhéinn gan aon phiopa tobac, má bhí piopa tobac aige, thiubhfainn do piopa tobac, nuair a bheadh sé gan aon phiopa tobac dá mbeadh piopa tobac agam, ach an fear nach dtuibhradh dhom piopa tobac nuair a bhéinn gan aon phiopa tobac agus piopa tobac a bheith aige, ní thuibhrainn do piopa tobac nuair a bheadh sé gan aon phiopa tobac agus piopa tobac a bheith agam."
    (Sean-Chonnachtach ó chathair na Gaillimhe a bhuail isteach sa scoil chugham lá 10/3/36, a d'iarraidh déirce, a thug dom an giota sin thuas. Mhínig se dhom gur sórt tósta é, a bhiodh á rádh de ghnáth ag na sean-daoine cun chur in iuil do chách ná tiubharfaí deoch i naisge d'aoinne ná ceannochadh do'n dream nú do'n chomhluadar a raibh se ortha. Thug sé leis, an sgéal seo leanas dom acht níor fhéadar acht brigh an scéil a bhreacadh sios, a luathas is a labhradh sé as Gaedhilg. Fear gealgáireach éadrom-chroidheach ar chulaith mhi-ádhbhasaigh seractha a b'eadh an bodach bocht. Duine a theip ar a chardibh a b'eadh é agus o'n lá san amach nior chuir sé cos 'na chathair duthchais. Nuair d'innis sé sin dom ni raibh mé fiosrach i dtaoibh a ainme. Rugadh 65 bhliana o shoin é, agus cé nach raibh an cleachtadh aige ar labhairt na Gaedhilge le breis is fiche bliadhain bhí sí go flúirseach go liomhtha aige nuair a bhí an sconna smaointe ar dian-leachadh aige. )
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    2. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish