Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag

Suíomh:
Skibbereen, Co. Cork
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 411

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 411

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
  2. XML Leathanach 411
  3. XML “Conas mar a Díbríodh an Drochspioraid ó Ghleann an Dunmharfóra”
  4. XML “Mallacht an Fhile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An Spioraid: Ceist agam ort a bhráthair
    A mhic na máthar suairc'
    An mó galún sáile
    Atá insan bhfarraige mhuair
    An Fear: Is deacair é thomhas na cárthaibh
    Mar tá sí mear láidir luath
    Ach an méid na gabhann sn t-áth de
    Gabhann sé go h-árd ó thuaidh.
    Mar gur réitigh an taistealaighe an cheist go fileata, bhí ar a chumas mallacht an fhile a chur ar an ndroich-sprioraid agus í dhíbirt.
    D.Ó.S.
    [Tá leagan de seo in 'Amhráin Phiarais Mhic Ghearailt' fé eagair ag Fiachra Éilgeach l. 22. Tá leagan eile i Poets & Poetry of Munster. MÓC.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ar na franncaig a h-imirtí é seo de ghnáth. Tá an phiseóg so mar gheall ar éifeacht (?) mallachta file chomh seanda san go bhfuil sé le faghaíl imeasc na gcine gCeilteach ó'n uair a tosnuigheadh ar seanchus do scrí' (?)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Diarmuid Ó Suileabháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)