Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Suíomh:
- Skibbereen, Co. Cork
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Leathanach 119
- XML “Luibheanna agus Leighiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)5. Cluas Liath (coltsfoot) Téa d'ól a bheadh déanta den eidhean nú cluasliath, leighiseann sé Aicíd na Scamhóg
6. Bruitíneach: Aoileach na gcaorach do bheiriú i mbainne agus an deoch san d'ól
7. Losca: Ceirín de bhualtraig do chur ar an áit loiscithe
8. Craosgalar: (thrush) Duine d'fagháil a béarfaí tréís báis a athar agus anál an duine sin do shéide seacht n-uaire imbéal an duine thinn
9. Triuch: An duine go mbeadh air, do chur trí h-uaire os cionn agus fé láir asail10. Nó uisce d'ól as sruth a bheadh ag sní ódheas idir dhá bhaile fearainn,
(Tá mórán leighisean in uisce teorann M Ó'C)
11. Aicíd na gcearbh ( ? ngearb M Ó'C ) nu clamh (Scurvy) Eirbeal cait duibh do ghearra agus an fhuil do chimilt don áit tinn.
12. Liath-bhuidhe (jaundice) Giota de chluais gabhair do chur ar chórda agus é cheangal de mhuineál an duine thinn.
(Risteárd Ó Motarua. O.S. an Dúinín do fuair iad so ó Mháíghistreás 'ic Shíthe ar an mBán Íseal. Tá leighiseanna eile do bhailig Conchubhar Ó Coileáin le léighe ar leathanach 131 den leabhar so. M Ó'C)- Bailitheoir
- Risteárd Ó Motharua
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dooneen, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Maighistreás 'ic Shíthe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bawnishall, Co. Cork