Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Suíomh:
Skibbereen, Co. Cork
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “Mícheál Chormaic agus Doncha Ó Seachnusaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dubhairt Mícheál Ó Spealáín liom nár cheap Mícheál Chormaic ach fiche rann de Thuireamh an Phaoraig ar dtúis, agus nár leog sé air gurbh é féín do cheap é. Bhítheas á chur i leith Dhoncha Uí Sheachnusaig. Níór shéán Doncha san. Ach dubhairt Mícheál "An té cheap, cuireadh sé leis." Do theip ar Dhonchadh cur leis, agus thosnuig Mícheál airís agus do thug sé an spéir-bhean isteach:
    "A rúin nuair mheasas go stadfainn dem ráidhtibh béíl
    Lem' thaobh gur sheasaimh (nú chneasaig) an aingear dob áille scéímh."

    Ní dóígh liom gur fíor san ámhthaig. Dhein Donchadh Tuireamh ar a stuaim féín an uair sin. Tá rann de ar leathanach a 50 den leabhar so. Pé cúis do bhí leis d'eirig iomarbá nu cointin idir Mícheál agus Donchadh Ó Seachnusaig. Cheap Crobhairín liath rann i gcoinnibh Dhonchadh más-fíor:
    An méínn leat gearra an leathair ná féadfá fhuag (?)
    An méinn leat ceangal na sratha ná féadfá a bhuaint
    An méinn leat scannal do thabhairt do mhnáíbh na suag ( = suadh )
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Cuileanáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)