Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Leathanach 368
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo cúntas a fuaras ó dhuine atá ochtmhó Bliadhain. Tá dhá chuid déanta agam de, an méid is cuimin leis féin, agus an méid d'airig sé ó sean-daoine a tháinig roimhis.
Dubhairt sé liom nár chaith sé aon bhróg go raibh sé ocht mbliadhna, agus nár chuireadh air iad ach gach Domhnach ag dul do dtí an t-aifrean. Bhí sé ag dul ar sgoil ó bhí sé sé bliadhna d'aois, ach chos-nochtuighthe. Théidheadh sé ann, agus gach eile garsún mar é. San am san ní chaitheadh na mná aon bhróg ach Dé Domhnaig, agus ní chuiridís ortha iad chun go déighdís a radharch an tséipéil chun iad bheith deas glan i radharch an phobhail.
Ní mar sin atá an sgeul fé láthair. Ní h-aon iongna bróga dfheicsint ar pháisde sé mí d'aois, ach is iongna mhór garsún d'fheicsint chos-nochtuighthe. San tsean shaoghal nuair ná bhíodh aon bhróga ortha i rith an lae chaithtí na chosa nígheadh gach oidhche, agus nuair a bhíodh san déanta cuirtí uisge na gcos amach sa chlós i gcás ná bheadh sé roimhe mhuinntir an tíghe a bhí tar éis bháis nuair a thabhairfidís chuaird ar an sean áitreabh[?](leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caol Fuinseann, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cathair Daithí, Co. Cork