Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Leathanach 367
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an mbán, agus treabhtaí an talamh i n-iomraibh sé fóid; deintí é phiocáil le grafán, cuirtí na sgiollaín i bpoll a deintí le ráinn agus dúntaí na puill le tuairgín. Bhí clais ag gabhail le gac iomaire, agus baintí cré sa clais le ránn no le cheata , agus cuirtí an cré ar an iomaire le sluasad. Bhí cheacta fé leith, ceacta gan aon chlár, cun an chré do bhaint.
Chuirtí an chead cré suas ar an iomaire sar a dtagadh aon gas aníos, agus chuirtí an dara chré suas nuair bhíodh na ghais ceithre h-órlaí ar aoirde. Deineann na capaill agus an cheacta an obair seo go léir anois.
Seo mar deintear sgiolláin. Pioctar amac an síol, sé sin an cuid is fearr de's na prátaí, agus geártar na sgiollaín asta so, ac caitheann súil bheith ins gac sgiollán. Baintear tímceall trí sgiollaín as gac práta, cuid aca níos mó agus cuid aca níos lugha. Dathad blian ó shoin bhíodh miothal fhear agus ban ag cur an garaidhe, mar thagadh na cómharsain i dteannta chéile chun na h-oibre, ac tá an nós sa marbh annso fé láthair; Níl anois ac gac duine do féin. Nuair a bhíonn na gais fásta suas i ndeire an Meithimh, no i dtosac an Iúil deintear íad a spráyáil cun an dubh do choimeád uata.- Bailitheoir
- Lil Ní Íde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Éadain, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 80
- Seoladh
- Cathair Daithí, Co. Chorcaí