School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Neans Ní Shúilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 333

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 333

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Page 333
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Do chuir an tEaspas an diabhal as Inse Geimhleach, tá sé céad bliain ó chuir sé amach.

    Do chuir an t-Easbog an Diabhal as Inse-an-Geimhleac, tá sé céud bliadhán ó thuit sé amach. Ghaibh sé aníos ó Ínse-an-Geimhleach trí Cluan Rát, agus Doire Airgid taobh thoir de Foill Jerh Hoare, anall treasna na h-innse, agus treasna na h-abhann. Chuir sé an méid uisge a bhí ann anáirde sa spéir. D'imtig sé ceann ar agaidh roimhis, agus níor fhág sé carraig mór d'ionntócad seisear fear nár ionntaig sé iad. Ghaibh sé trí cruacha móna, amach suas leis trí Faill na gCóiníní, agus ó thúaidh trí Faill Rath Úna. Do chífeá ag teacht cughat é, ach ní fheichfeá ag imtheacht uait in aon chor e. Sé an deallramh a bhí air mar a bhead roth agus gal aige á thiomáint san aer. Chífeá na fir agus na mná ag rith ós na tighthe ag sgreadaig. Chífeá trí stoc de búaibh isteach in aon cuilín amháin.
    Bhí Father Ahern sagart paróiste ag stáisúin i dtig cúpla lá na dhíaid sin agus dubhradh leis gur thuit a leithéid amach. Dubhairt an sagart gur mhór an náire a leithéid de bhréagacha d'innsint. Do thugadh amach é chun rian an rotha do taisbeáint do, ach ní raghad sé ac go ceann an phoírse. Ní leigfeadh eagla dho. Níorbh féidir an diabhal dul níos sia san. Do chonnaic mo mhathair é, agus daoine nách í.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Chróinín
    Gender
    Female
    Address
    Seanbhaile Sheáin, Co. Cork
    Informant
    Donnchadh Ó Buachalla
    Gender
    Male
    Age
    c. 80
    Address
    Seanbhaile Sheáin, Co. Cork