School: Clochar na Toirbhirte, Sráid an Mhuilinn (roll number 2278)
- Location:
- Millstreet, Co. Cork
- Teacher: An tSr. Caoimhín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Luighim leat Iosa agus go luigidh Iosa liom, ola Críost ar m'anam, trí m' [?]agus ó's mo chionn. An t-Athair a cruithnig mé, an Mach a cheannuig mé agus an Spriod Naomh do beannuig mé, a bhainrioghan na gile agus a bhainrioghan na h-óíge, tóg mé as na peacaí agus chuir mé ar m'eolas agus cuirim mo chroidhe in [?] bheith ag sileadh na ndeor agus má tá sé indán dom bás d'fáil roimh maidin seilbh na glóire go raibh m'anam.Ag Dul cun Suain. (Páidir eile)Luighim leat-sa a Dhia go luighidh Dia liom, cros Dé im thimcheall agus lámh deas Dé os mo chionn Cuirim m-anam ar Comarghe Críost, Íosa ná dubhairt bréag, ó Eoin Naomh Baiste agus a dhá Aspol Deag. Cugham Dia mar Athair. Dia Muire mar Máthair, flaitheas Dé mar dhutchas agus fé cead duiltighím do'n Airseóir, ceithre cúinní mo leabaidh, ceithre Aingil ortha marcus agus lucas, Seán agus Séamus, brighid a luighe liom, Iosa ag eirighe liom, a' luighe agus a n-eirighe le Mach Dé. Cros an Aingil ar leabaidh a luighe liom, brath pharrthais go dtagad im thimceall, mo cúig Ceasta Críost go dneinid dian dom, go [?](continues on next page)
- Collector
- Máire C. Ní Chorcora
- Gender
- Female
- Address
- Shanaknock, Co. Cork
- Informant
- Bean Brighid Uí Chathasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Banteer, Co. Cork