Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ardfield, Co. Cork
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 161
  3. XML “Tuar Stoirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do cailleadh long ar chuas i nDún Eóghain go nglaodhtar Cuas a Chochláin air.
    B'í an oidhche ba stoirmeamhla í is do tháinig riamh ó shoin. Ní fheacha aoinne ao'radharc ar ao'daonaidhe beó ná marbh a bhí uirthe ach í féin i mbrúscar ar a'dtráigh ar maidin.
    Is gnathach do na leithéidí sin a cailltear go bhfeictear a samhlacha roimh dhroch-shín airís. Am oidhche amháin tímcheall fiche blian ó shin bhí iascaire tímcheall a'chuais seo t'réis a photaí a chur i lár na h-oidhche. Bhí an oidhche chómh breágh sin ná aithineóthá áird na gaoithe. Do bhí sé nach mór 'na shuan 'nuair airig sé a'fothram agus an gleó go léir ar a dtaobh thiar de tímcheall na na h-áite gur cailleadh a'long ann. Tháinigh scannradh a'chroidhe ar agus tharraing sé na potaí gan mhoill agus dhein sé an talamh isteach chomh diair is do bhí ann. Ar maidin, 'nuair d'éirigh sé bhí stoirm a'dul anáirde 'sna failleachaibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Fínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Dunowen, Co. Cork