School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean bhocht na comhnuí timcheall na háite seo fadó shoin, baintreabhach a b'eadh í, agus bhí lán tighe de pháistí uirthi mar chúram tréis a céile do chur. Tháinig bacach- a -mhála chuichi lá, mar a déarfá coighcíos indiaidh na Nodlag agus d'iarr sé déirc uirthi ar son dé 's Mhuire ."Níl sé agam le tabhairt duit" adubhairt an bhean bhocht. "Ná bhfuil pluais prátaí agat ins an gáirdín ag pinniúr a tighe" adubhairt an bacach. "Tá", adubhairt an bean bhocht, "ach tá aimsear fada romhan chun iad san a chaithte". Goidé an aimsear atá romhat" ars an bacach. "Tá, as seo go lár an Fhaoilligh", adubhairt an bhean bhocht". "Agus seacht seachtmhaine an Charrghaois 'na dhiaidh sin, tá annsan ó Domhnach Cásca go la bealtaine agus raiththe fada an -Samhraidh sara bhearfaidh na prátaí nuadha airís orm, agus lán tighe de pháistí mar chúram". " Go deimhin fein a bhean bhocht" adubhairt an bacach, ach is dócha go bhfuil an ceart agat, ach mar sin féin tabhair dom, creideamh dóchas agus Carthannacht". D'éirig an bhean bhocht na seasamh agus do thóg sí trí prataí 'na laimh, agus do shín sí chuige iad. "Seo, adubhairt sí, " in ainm(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Mac Cáthaigh
- Gender
- Male
- Address
- Aghatubrid More, Co. Cork