School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 077
- XML “An Gabha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dogheárr sé na chosa de'n chapall agus do fuair an chapall bás.
Ansan níor tháinig a thuille daoine chuige chun cruidhte do chur suas. An lá 'na dhiaidh san do tháinig an bhuachaill agus do bhí an chapall bán agus cár aige.
Do bhí beirt seana-bhean istig ann. Do chuaidh sé isteach chuige agus dubhairt sé leis an bfear teine maith do chur síos dó.
Do chuir an fear teine breágh mór síos agus do las sé suas go breágh.
Ansan do chuaidh an bhuachaill amach agus do thug sé an bheirt seana-bhean isteach leis agus do chaith sé iad isteach sa teine mhór.
Do dóghadh iad agus ní rabhadar ag sgreadaig in-aon-chor.(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Dhonnabháin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Cork
- Informant
- Tadhg Ó Chéilleachair
- Gender
- Male