School: Baile Mhúirne (C.)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 0668

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 0668

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 0668
  3. XML “An Bhanríon agus an Bacach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do Rígh ann uair agus do bhí sé pósta. Ní raibh aon leanbh acu agus bídís i gcómhnuidhe ag guidhe go dtabharfhadh Dia leanbh dóibh.
    Droch-bhean a beadh an Bainríoghan agus do bhí fuath aice do's na daoine bochta. Nuair a thagadh bacach cun an geata do cuirfheadh sí abhaile é gan pioc do thabhairt do.
    Lá amháin do tháinig bean cun an dorus cúiche agus bhí seisear nó mór sheisear de chlainne aice. Do bhí sí i d'iarraidh déirce agus chuaidh sí suas go dtí an geata.
    Tháinig an Banríoghan amach agus nuair a chonnaic sí cé bhí ann, dubhairt sí "Imthig as so agus tóg leat do ál bhanbhaí". Do tháinig ana fearg ar an mbacach nuair a airig sí cad dubhairt sí leí.
    Ansan dubhairt an bacach "ní banbaí mo leanbhaí, ach bféidir go mbeadh banbhaí agat féin." Cúpla bliadhain 'na dhiaidh sin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish