Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do Rígh ann uair agus do bhí sé pósta. Ní raibh aon leanbh acu agus bídís i gcómhnuidhe ag guidhe go dtabharfhadh Dia leanbh dóibh.
Droch-bhean a beadh an Bainríoghan agus do bhí fuath aice do's na daoine bochta. Nuair a thagadh bacach cun an geata do cuirfheadh sí abhaile é gan pioc do thabhairt do.
Lá amháin do tháinig bean cun an dorus cúiche agus bhí seisear nó mór sheisear de chlainne aice. Do bhí sí i d'iarraidh déirce agus chuaidh sí suas go dtí an geata.
Tháinig an Banríoghan amach agus nuair a chonnaic sí cé bhí ann, dubhairt sí "Imthig as so agus tóg leat do ál bhanbhaí". Do tháinig ana fearg ar an mbacach nuair a airig sí cad dubhairt sí leí.
Ansan dubhairt an bacach "ní banbaí mo leanbhaí, ach bféidir go mbeadh banbhaí agat féin." Cúpla bliadhain 'na dhiaidh sin(leanann ar an chéad leathanach eile)