Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí Naomh Pádruig ag tabhairt aire do mhucaibh ar Shliabh Mis bhíodh sé ag paidireóireacht i gcómhnuidhe. La amháin do bhí cráin muice ag tómhach agus do tharraing sé aníos ón dtalamh cnapán buidhe. Chonnaic Naomh Pádruig an cnapán ach ní raibh fhios aige cad é féin. Do thóg Naomh Pádruig é ag triall ar thínncéir, féachaint cad é, no cad ab fhiú é. Dúbhairt an tínncéar gur cnapán óir é agus gur é féin a chaill é. Níor fhág Naomh Pádruig ag an dtínncéir é mar bhí fios aige nár leis é.
Annsan do thóg Naomh Pádruig ag triall ar ghabha é gur cnapán óir é agus gur b'fhiú céad púnt é. Do cheannuigh an gabha an tór ar chéad púnt. Do thug Pádruig a bheannacht don ghabha agus chuir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Bean Phádruig Uí Fhuinneagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire na Sagart, Co. Cork