Scoil: Carraig an Ime (uimhir rolla 4457)

Suíomh:
Carriganimmy, Co. Cork
Múinteoir:
Seán Ó Luasa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig an Ime
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Béaloideas - An Gréasaí agus na Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus greasaide dob eadh é agus bhí tig deas cluthmhar comhórdach aige. Bhí sé pósta cé go raibh sé bocht. Bhí saoghal suairch, subháilceach aige. Dheineadh sé bróga maithe is bíodh sé ag obair moch déanach; ach chuaidh an saoghal in-a choinnibh, agus lá amháin dubhairt sé lé na mhnaoí ná raibh de leathair aca ach dóithin peidhre bróg a dhéanamh. "Níl leigheas air" arsa bhean, "ach is goire cabhair Dé ná an dorus." "Gearrfadh an leathair so ibh fuirm is igcóir, déanfaimid ár bpaidreaca agus ragaimíd a chodladh," arsa an gréasaide. Deineadar amhlaidh. Nuair éirigheadar ar maidin bhí iongnadh a gcroidhe orthu, mar bhí peidhre breág brógar an mbórd. Bhíodar déanta cómh slachtmhar san go ndubairt an gréasaidhe, tar éis iad do iniuchad go mhaith.
    "Dar mo choinsias ach ní haon chabléir a dhein iad so." Níorb fada go dtáinig cúistiméir isteach. Thaitn na bróga leis is ceannuig sé iad. Ceannuig an Greasaide leathair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Laoghaire
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Knockraheen, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Owen Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Knockraheen, Co. Cork