School: Doire Chonaire (roll number 4845)

Location:
Derryconnery, Co. Cork
Teacher:
Éamonn de Paor
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 441

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 441

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chonaire
  2. XML Page 441
  3. XML “Cúram na gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó do bhíodh na daoine tímcheall fiche blíana d'aois sara gcaithfidís aon bhróg. Do bhíodh na leanbhaí cosnochtuithe i gcómhnuidhe.
    Núair a níghfidís a gcosa ins an oidhche deiridís nár ceart an t-uisge do chaitheamh amach acht é fhágaint ar an dtaobh chlé de'n dorus agus an ursal do fhágaint ar an dtaobh chlé de'n teinne. Síad na bróga a bhíodh acu fadó na bróga bonn adhmuid. Dheinidís íad san as uachtair seana bhróga agus cuiraidís buinne adhmuid fútha. Ansan cuiridís píosa fonnsa mór-tímcheall ar bhár an bhuinn.
    Nuair a bhídís ag dul go dtí an Aifreann thugadiís na bróga leó ar a gcúlaibh agus ansan núair a bhídís i giorracht cúpla cead slat do'n t-séipéal cuiridís na bróga ortha agus núair a bheidís ag teacht amach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
        1. shoes (~1,841)
    Language
    Irish
    Informant
    Neil Ní Shúileabháin
    Gender
    Female
    Address
    Bocarnagh, Co. Cork