School: Doire Chonaire (roll number 4845)

Location:
Derryconnery, Co. Cork
Teacher:
Éamonn de Paor
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 374

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 374

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chonaire
  2. XML Page 374
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear ag scoraidheacht aon oidhche amháin agus...

    Bhí fear ag scoraidheacht aon oidhche amháin agus bhúaileadh bean roimis gach oidhche agus d'innis sé des na daoine é agus dúbhairt sé go mbeadh fhios aige an raibh sí beó nó marbh agus an oidhche sin bhúail sí roimis arís agus chúaidh sé in achrann uirthi agus bhain sé an clóca di agus chuaidh sé abhaile leis agus do lean sí é agus thug sé bíadh agus deoch agus éadach di agus bhí gach aon nídh ag dul go maith ach aon lá amháin thánaig bean d'es na cómharsain isteach agus bhíodhar ag ithe a ndinneár agus dúbharadar léi suidhe isteach chun an mbúird agus dúbhairt sí ná dheanfheadh agus do gháir an bhean agus aon lá amháin eile do mhairbh sé caoire dhubh agus do gháir sí arís agus aon lá amháin bhí sé ag stóáil an tíghe agus do chaith se an clóca anúas agus do rug sí air agus d'imthig sí leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Sheaghdha
    Gender
    Female
    Address
    Muccurragh, Co. Cork