Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)

Suíomh:
Maulatrahane, Co. Cork
Múinteoir:
Dll. Ó Luasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0299, Leathanach 050

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0299, Leathanach 050

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Meall an tSrutháin
  2. XML Leathanach 050
  3. XML “Na Lucht Siúil do Bhí ann Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na bacaigh do bhí ann fadó bhíodar ana mhacánta agus do bhí deifrígheacht mór eadorta agus na lucht siubhal atá ann anois. Do thógfadh siad gach rud a thabharfá dóibh. Do chaith siad ceathar nó cúig de [?] ins gach mbaile agus ní bhíodh aon deithineas ortha ag imtheacht. Annsan nuair a thiocfadh an oidhche d'fhanadh siad ins an tig deireanach do bhíodar nó in aon tig ba mhaith leo fanamhaint ann i gcóír na h-oidhche. "Fill a Bag" a ghlaodhach siad ar cheann aca agus "Bata Mhadra" ar cheann eile. Do bhí duine eile ann agus do bhí sé dall agus an tig ina mbeadh sé b'éigean do dhuine de lucht an tighe sin é do thionnlacan go dtí tig eile. Do chaith sé seachtmhain ag gabháil tríd i gCuilleanaig agus nuair a bhí sé ag fágáilt bhí sé ana shásta agus dubhairt sé leis an bpáiste a bhí a thionnlachan -
    Tríd i gCuilleanaig a ghluaiseas is suairc a bhíodar mná[?] liom. Fuaireas mo dhóthain bídh 's díghe ann.
    'S fuighleach díobh fhágas. Mar bineann is na mizers ná bhfaighin ach dhá phráta. Go Lois Lochrraig atá uaim dul go dtí gcúmhlacht breagh grádhmhar. Tá mná tíghe gan gruaim ann. 'S suairc iad do ráidhte. Bíonn a dteachtaire go h-umhal aca.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Breathnach
    Inscne
    Baineann