School: Baile an Chaisleáin

Location:
Castletownshend, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 249

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 249

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Chaisleáin
  2. XML Page 249
  3. XML “Old Traditions”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    249
    ...na Normanach deirtear i Miodh Ros go raibh muinntear Dhonnabháin ann in am na Lochlannach agus gur ghlacadar a bpairt i gcoinnibh na nGaedheal. Ins an bparóiste sin ta "Castle Ire" mar a tugtar air agus as Bearla. Deirtear gur Ivor O'Donovan "Lochlanach" a thóg é. Tá an leas-ainm "lochlannach" ar threibh de mhuinntear Dhonnabháin agus ní fios cionus a tharla an ainm sin ortha muna mbeadh go raibh roinnt fírinne sa sean-sceal.
    Loch Cluthmhar (pron. cluthar).
    Sin loch atá um leath mhíle ó "Castle Ire" agus deirtear go bhfeictear go moch maidin lae Bealtaine gach seachtú bliadhain long bhreagh fé seol ag gluaiseacht ar an loch sin. Duine des na "lochlanaigh" a bádhadh ann a thagann thar nais chuige.
    An tSúil Mhillteach (the "Evil Eye").
    Tá daoine fós a chreideann go raibh "an droch shúil" ag daoine airighthe agus dá gcuirtí an t-súil sin ar ainmhidhe no ar dhuine nár b'fhiú puinn ina dhiaidh sin é. Sé deirtear fós go háirighthe i measc na sean daoine nach ceart moladh ná beannachadh do rádh na dhiaidh. Mar chosaint i gcoinnibh daoine na ndroch-súl a deirtear é.
    Maidin Lae Bealthaine
    An duine is túisce a bhéarfadh uisce ón dtobar an mhaidin sin is aige a bheadh an rath is mó ar feadh na bliadhna. Is mó duine a inis dom go raibh se de nós acha dul amach fé dhein an uisce go moch maidin lae Bealthaine agus gur casadh ortha duine eile ag teacht uaidh no ag dul ann. Muna...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2412E: (Danish Heather Beer.)
    Language
    Irish