School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 162

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 162

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 162
  3. XML “Na Fianna”
  4. XML “Domhnall na Raolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Do chuaidh fear d'arabh ainim do Dómhnall na Raolach go dtí an aonach lá gus dhá mhuiche aige le díol. Do tháinig ceannuightheóir chuige agus do fhíarfhaig sé dhe cad a theastóchadh uaidh ar an dhá mhuich.
    "Fiche púnt," arsa Dómhnall.
    "Tá go maith," arsa 'n ceannuightheóir.
    Thug sé fiche púnt do Dómhnall, acht fiche púnt an ceann i theastuigh ó Dómhnall. Annsan dúbhairt an ceannuightheóir go gcaithfeadh sé bheith sásta leis an margadh, agus mar sin do bhuail sé bobh ar Dómhnaill. Cuaidh Dómhnall abhaile agus é cráidthe go maith taréis an lae. Bliadhain ó'n lá san airís, bhí Dómhnall ar an aonach agus dhá mhuich eile aige. Do tháinig an ceannuightheoir chuige airís agus do fíarfhaigh sé dhe cad a bheadh uaidh ar an dhá mhuich. Bhé an fear a bí ann ná an ceannuightheóir ceudhna a bhí ann bliadhain roimhis sin.
    "Ó, mhaise," arsa Dhómhnall " ní beadh ró dhaor ort"
    Gráinne cruithneacht d'fágáilt agus bí 'dhúbhailth ar feadh leath-uaire."
    "Tá go maith," arsa an ceannuightheóir, "thaimh sásta leis an margadh sin."
    Do thosnuigh sé ag dúbhailt an chruithneacht mar seo.
    "Dó meadhuighthe le dó sin a cheathair, dó meaduighthe le ceathair sin a h-ocht, dó meaduighthe le hocht sin a sé déug, do meaduighthe le sé deug sin a triochadh a dó. Triochadh a dó gráinne sin léás."
    Do thosnuigh sé ag dúbhailt an léas airís
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.