School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 143

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 143

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 143
  3. XML “Seanfhocail”
  4. XML “Comalán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
  2. Táim um chómhnuidhe ar an mbaile seo go nglaodhtar Cumolán ar. Is é Cumolán an baile is sia soir i gCléire. Tá an Ballach mar theóra ar an dtaobh thoir de, agus an Bágh Thuaidh , ar an dtaobh thuaidh de. Tá an Fhairrghe Mhór ar an dtaobh theas de, agus Ceatramhna ar an dtaobh thiar de. Tá dhá thig déug ar an mbaile seo, agus tighthe slinne iseadh iad go léir, ach amháin dhá thig bheaga, go bhfuil ceann tuighe ortha. Tá ana chuid cabhalach tíge ar an mbaile seo. Do bhí trí huaire an méidh daoine ina gcómhnuidhe ann caoghadh bliain ó shoin, ná mar atá anois, acht an uair sin do bhíodh cheithre tighthe ins cuid dos na feirmeacha ná bhfuil ann acht aon tigh amháin anois. D'fhág ana chuid daoine an baile seo indhiaidh aimsir an Ghortaigh, agus d'imthigheadar leó go America. Do bhí cuid dos na tighthe gur fhág an t-athair agus an mháthair agus na leanbhaide, agus d'fhágadar an tig annsan ag duine éigin eile.
    Do bhí loch ar an dtaobh theas do'n bhaile fadó, go nglaoidís Locha 'Chumoláin ar. Do leag na daoine an t-uisghe as an loch san ó shoin. Is tímcheall na locha sin a bhí tighthe an bhaile go léir fadó. Do bhíodar ag dul soir is siar in aice na locha. Is é an fáth gur
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.