School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí iasgairí i dTrá Chiaráin i mí na Samhna, 1920 agus do chonaiceadar bairle, dar leó ag snámh thuas sa bhádh thuaid. Do chuaidh beirt aca isteach i mbád beag agus do chuadar suas chun é do thógaint. Ní rabhadar abhfad imthighthe nuair d'imthig bád mátair suas ina ndiaidh agus cúighear fear innti. Do bhíodar féin agus na daoine a bhí sa bhád beag ag rás lé na chéile feuchaint ciaca aca is túisce a a bheadh thuas chun é do thógaint. Sa deire do rás an bád mór agus do mhaobuigeadar an cuiríocht nuair a thánadar in aice an bhairle. Do thrialadar ag dul tímceall air ach ní fheadaidís é agus(?) do bhuailedar ina choinnibh. Ach faríor ní bairile do bhí ann ach mianac agus an túisce a bhuaileadar é ná gur shéid sé suas san aer iad, idir, bád daoine agus uile. Do bhí sganrrad a gcroidhe ar an mbeirt a bhí sa bhád beag ar eagla go dtuitfheadh an blas agus an tadhmadh a bhí sa bhád eile isteach sa bhád agus go marbheóchfaí iad féin leis ach buidhcheas le Dia níor marbhuigheadh.Siad na daoine a bhí sa bhád mór ná Micheál Ó Ceadagáin, Eógain Ó Dálaigh, Seán Ó Lionáin, Miceál Ó Ceadagáin agus Pádraig Ó Maolmhuoidh. Do caitheadh iad go léir suas san aér agus ní fheachathas ó shoin iad ach amháin Micheál Ó Ceadagáin agus Seán Ó Lionáin. Do tógadh iad san bhádh beag. Do bhí Micheál Ó Ceadagáin slán agus tá sé ag maireachtain igcomnuidhe ach do bhí agaidh(?) Shéan Uí Lionáin imtighthe agus a innithinn briste, slán mar a ninnstear é.
Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán, Inis CléireFuaireas ó: Chiarán Ó Drisceóil (56 bl.)- Collector
- Cáit Ni Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Ciarán Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Comalán, Co. Cork