School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 117
  3. XML “Matalang”
  4. XML “Scéal Uafásach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    in aice le Béal an Dhá Habh, agus do tógfhadh corp aon cailín amháin amuigh i dtráigh i nDún-na-Seadh. Na daoine 'tháinig saor an oidhche sin is amhlaidh do léimheadhar amach ar an gcarraigh, agus do bhíodar ag screadhaigh, feuch i gcloifeadh aoinne iad. Acht do chualaidh muinntir Inis Uí Dhrisceóil iad, agus do thugadar bád beag amach fé na ndéin, agus do thugadar saor, sábháltha isteach abhaile iad.
    "Beannacht Dé le hanamacha na ndaoine go léir i caillead."

    Bhailigh: Máire Ní Drisceóil, Cumolán Thuaidh, Inis Cléire
    Fuaireas ó: Nóra Bean Uí Drisceóil, (41 bl)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ar an 23adh lá do Mhí na Nodhgagh sa bhliain 1869, do tógfadh sathach pairifín i rach agus do cuireadh ar dtír in Inbhear é. San aimsir sin rudh ana ioghantach dobh eadh pairifín mar ní bhíodh sé dhá dóghadh in aon tig i gCleíre an uair sin. Dhá bhrígh sin ní raibh i fhios ag aoinne cadh é an sórd rudh é nó conus 'usaidhís in aon chor é. Geatharaí guise agus traine dhán dhóghadh isthigh i sloighe a bhíodh an uair sin i gCléire mar solus. Is é sin i bhíodh ins gach tig san oidhche agus deir na sean-daoine go mbíodh an solus nách mór chómh maith leis na soíllse 'bhíonn ann anois. Do bhí na daoine 'thóg an rach seo dhá chuir i bhfolach mar an uair sin do bhíodh tógáilth ag oifigí ar aon tsórd rach i tógfaí. Do bhí oifigeach ina chómhnuidhe i gCléire san aimsir ceudhna. Pé sgéul é, do chaitheadar faire go mbeadh an oidhche ann, i dtreó na faighfí amach ortha é. Nuair i tháinig an oidhche do chuireadar an sathach pairifín isteach go tig Liam Uí Cheadhagáin sa Cumar. Nuair a bhí sé isthig sa tig aca, do chuireadar na clampaí ar na dóirce, mar bhí an oidhche taréis tuitimh. Ní raibh aoinne istig annsan acht daoine go raibh sártha do'n phairifhín aca. Do bhí aon fhear amháin ann, agus é ag roinnt an pairifín, agus fear eile ann agus é ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ni Drisceóil
    Gender
    Female
    Address
    Comalán, Co. Cork
    Informant
    Tomás Ó Síothcháin
    Gender
    Male
    Age
    75
    Address
    Comalán, Co. Cork