School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 072

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 072

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 072
  3. XML “Bacach a Dúirt é seo”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mo mhaidí croise ag léimhrigh i ndoras gach aon tíghe,
    Ó Chorchaig go Dún Daidhe, is ó Bhaile Átha Cliath na naontha
    As san go Buidhe Bhéara is ó imeall na croidhe síos.

    * * *

    Bíonn a hataí acha ina ndórna ag ullúghadh dhomh ar bóthar
    Is mo madaí croise ag léimhrig i ndoras gach aon tíghe.
    Ó Corchaig go Dún Daidhe, is ó Bhaile Átha Cliath na naontha
    As san go Buidhe Bhéára is ó imeall na croidhe síos.

    Bhailig: Máire Ní Drisceóil, Cumolán
    Fuaireas ó: Ciarán Ó Drisceóil, Cumolán Thuaidh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí fear ag imirt cártaí aon oidhche amháin agus do bhí sé tímhcheall a haon a chlog nuair a bhí sé ag teacht abhaile. Do bhuail an Fear Dubh ar an mbothar uime. Tháinig scannradh ar an bhfear ní nách ionghnadh ach dubhairt an Fear Dubh,
    "Bí annso um an dacha so i gcóir na hoidhche amáireach chun go marbheóch mé thu"
    Do chuaid an fear abhaile agus buairt aigne a dhóithin air. An lá ina dhiaidh sin do chuaidh sé go dtí an sagart agus d'innis sé do chonnaich sé an oidhche roimhis sin. Do chuimhnigh an sagart ar féin ar feadh tamaill fé dheire dubhairt sé,
    "faigh móin agus cuir ar lasadh tímhcheall ort é, faigh cathaoir agus suidh air agus bíodh buidéal uisce coisearach it láimh agat, agus nach aon uair a tabharaidh an Fear Dubh iarracht chun breith ort séidh an uisce cosaireach amach air agus ní bheuraidh sé ort go deó."
    Nuair a tháinig an oidhche do dhein an fear mar d'órdaig an sagart do agus nuair a thainig an diabhal dubhairt sé,
    "Tair amach annso chugam go marbeóch mé thu."
    "Ní thiochfadh," ars an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0810: The Snares of the Evil One
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Dhrisceóil
    Gender
    Female
    Address
    Comalán, Co. Cork
    Informant
    Conchubhar Ó Drisceóil
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    Ceathrúna, Co. Cork