School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 066

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 066

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 066
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Do bhí fear ann fadó agus do chuaidh sé amach oidhche ag féucaint ar na ba. Do bhí sé ag gábhail tré pháirc ar taobh an bóthair is do connaich sé sé cinn déug so capallaibh agus fear ag marcaigeacht ar gach aon ceann achu. Nuaira tánadat chómh fada leis do séidheadar a hata dá cheann. Do bí (ceann) capall spáraite achu na raibh aoinne ag marchaigeacht air is dho cuireadar anáirde ar an gcapall é is níor stadadar riamh na coidche do dtí go ndeigheadar go "Quay Puirtlairghe. An fear a bhí ar an céad capall dubairt sé glan anonn go Dover. D'imtigeadar nach aon ceann aca treasna agus ins an aer a bíodhar ag gluaiseacht. Nuair a sroiseadar Dover do tánadar anuas ag doras thig thabairne. Dunairt an máigistir a bhí orta cuir díb isteach tré poll i glais. Do bí sé cinn deúg [?] do hataí aige agus do tug sé ceann do gach aon fear sar a ndeigeadar isteach agus dubairt sé leo gan iadh do cailleamaint mar do bí draoideacht ionta agus dá gcaillfidís iad go n'imteóch an draoideacht uatha agus do bearfaí orta. Do tosnuigeadar ag ól istig sa tig tabairne agus muinntir a tíge na gcodladh. Nuair a bí a dóithinólta achu do tuit i codladh ar an fear a tugadar leo as an páirc. Dubairt an máighistir leo annsan cuir díb amach tré poll i glais do bhí gach aoinne amuig annsan airís ach an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín de Búrca
    Gender
    Female
    Address
    Cnocán an Choimhthigh, Co. Cork
    Informant
    Pádraig Mac Coitir
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Gleann Iarthach, Co. Cork