School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 043
- XML “Amhrán”
- XML “Scéal Dhabhie”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán (continued)
“Ar maidin dé Luain iseadh d'fágas an cuan”
(continued from previous page)Bhí bono o hello á gcátha in áirde san aer,
Strúdí á gheárradh lé catha neart plér. File na luinge agus iad ag tuitim tréan agus a gcuid fola
dá ghortadh lé cáthad neart plér.
Bhí mo mhaithirín féin ag guidhe chugamh chun Dé. mar a caileadh
na míle iseadh a thánag féin saor. Do shiubalamair Dursey, agus Jersey, gan dabht,
Is i dtalamh an Éisg, iseadh bhuaileamair rogha.
Do fuaireamair cuireadh chun filleadh ar ár sáil,
Is ar na hÉast Indian Fleet, iseadh a bhuadhmair an lá- Do bhí sean duine sa Chumar fadó go dtugtí Dabhí Mháire Dhá air. Do tháinig na daoine maithe san oidhche agus do chuireadar isteach i sathach é agus d'arduigheadar leó é. Do thugadar suas go dtí an Chonnel é agus do scaoileadh síos leis an gcnoch é mar atá tig a'tsagairt anois agus d'imthig sé amach tre Inbhear. D'árduigheadar in áirde san aer annsan é. Do scaoileadar síos leis an mBuilig annsan é agus é ag ceantráil. Do thógadar aníos ar an uisce é agus do chuireadar anáirde ar Bhulán na nDearagán é. Do scaoileadar amach chun fairrge annsan é agus nuair a bhí sé trí ceud léig ó dheas fé'n bhfairrge chuireadar síos go talamh íochtair é. Do tugadh fé'n bhfairrge é go tig(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Seosaimh Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Ceathrúna, Co. Cork