School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 019

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 019

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 019
  3. XML “Scéal”
  4. XML “A Díol Purgadóireacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dubhairt leis a' bhfear a bhí ar an gcarraig go ndubhairt an sagart ná raibh aon deis ag drom an Uabhair ar na Flaithis go bráth.
    Leis sin léim an fear síos isteach i bhfairrge agus an chéad callaithe a chuir sé ar an mbán agus an tarna callaithe do rug sé ar sálaibh ar an bhfear a bhí ag an mbeárnain. Siúd sa choisidheacht suas leis agus ní mór nár sciob an tríomhadh callaithe chun siubhal é, ach pér domhan é thug sé na cosa buinn (?) leis agus mhair sé chun an sgéal a innsint.
    Cáit Ní Dhrisceoil, Cumolán.
    Fuair sise ó: Donnchadh ó Drisceoil, Cumolán, 25 bl.
    Fuair sé sin ó shean duine éigin a bhí marbh é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Dhá anam a bhí a díol a bprugadóireacht ar bhruach faille mar a riabh scairt drisleacha a fás. Do bhí dris mhór fhada a fás amach thar bhruach na faille agus é a' síor luascadh agus a bualadh isteach 's amach i gcoinnibh na faille. Bhí anam acu ar bharra na drise sin agus an t-anam eile ag á bun sa bhfothain. Is mó oidhche fhada annróghach a chaitheadar ann, ach an oichche seo thar oidhcheannta an tsaoghail do shéid sé 'na ghála is 'na bháistigh is na shneachta agus bhí an t-anam bocht a bhí amuuigh ar bhárr na drise báidhte, bascuighthe.
    Do fhéuch an t-anam a bhí istig amach air agus tháinig truagh aige do. "A dhuine bhocht," ar seisean leis, "go deimhin is truagh liom tú amuigh annsan, a m'bháil leat teacht isteach annsa go fóil do raghainn-se annsan amach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ni Drisceóil
    Gender
    Female
    Address
    Comalán, Co. Cork
    Informant
    Máire B. Uí Drisceoil
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    56
    Address
    Comalán, Co. Cork