Scoil: Ros Mhic Eoghain (uimhir rolla 1388)

Suíomh:
Rossmackowen, Co. Cork
Múinteoir:
Seoirse Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0278, Leathanach 097

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0278, Leathanach 097

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Mhic Eoghain
  2. XML Leathanach 097
  3. XML “Uaigheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1) In Árd na Gainmhe tá sean uaig a bhí saidhdiúir curtha ann. Do comhnuigh an saighdiúir in Oileán Béarra agus beígean dó teacht go dtí an Bhainnc. Do snámh sé amach go dtí an Bhainnc agus nuair a bhí sé timcheall leath an slighe bathádh é. Do thug an fairrge a chorp go dtí Árd na Gainimh agus do chuireadh é in Árd na Gainimh agus tá an uaigh le feisceint ann ó shoin i leith.
    2) Tá uaig eile siar i gCumar Elistrum in aice Faoileáin. Beirt máirnealach a rith ó'n a mbádh chun iad féin a shábháil acht do lámhachadar iad. Do cuireadh iad i bpáirc inaice na fairrge agus tugtar Páirc na Golán ar an bpáirc roimh ó shoin.
    3) Tá sean-uaigh aca istigh sa pháirc i Ladhar agus tá ceithre carraigheacha in a sheasamh díreach agus uaireannta leigeadh Aifreann ann fadó riamh. Tá ceann eile ann leis i bpáirc agus níl ach an dhá ceann in a sheasamh mar leageadh an dhá ceann eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge