School: An Mhainistir, Móin Rátha (roll number 14243)
- Location:
- Mountrath, Co. Laois
- Teacher: Br Columban Ó Cróinín
![The Schools’ Collection, Volume 0833, Page 289](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0833%2FCBES_0833_289.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0833, Page 289
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhainistir, Móin Rátha
- XML Page 289
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)de'n bhuachaill cad í an áit sa tigh go raibh leabaidh in ar bhreóite. Dubhairt an buachaill gur i seómra ar chúl an tighe agus íseal cois talaimh. Annsan dubhairt sé leis an mbuachaill imtheacht roimis go dtí an tigh agus an fhuinneóg a bhí ins an seómra san d'fhosgailt.Nuair a tháinig an ministir sheas sé ar an dtaoibh amuigh de'n fhuinneóig agus pé abhlann a bhí aige le tabhairt do'n bhfear breóite thóg sé suas na láimh é agus ghlaodhuigh sé ar an bhfear breóite. "Feuch, A Sheáin," ar seisean. "Sin é é, Bíodh dúil agat ann agus deinfidh sé an oiread maitheasa dhuit is dá bhfuighfeá é." Annsan d'imthigh sé. Tháinig buairt mhór ar Sheán bhocht agus bhí eagla air go bhfuighfeadh sé bás agus gan aon solás faghálta aige i gcóir na síorraidheachta. Dubhairt an bheanaltra leis fios do chur ar an sagart agus gurbh 'fhéidir go ndeinfeadh sé maitheas éigin dó. Tar éis a bheith ag tathant air ar feadh tamaill, do ghéill sé agus tháinig an sagart. Chuaidh sé isteach go dtí an leabaidh na raibh an fear breóite agus d'fhan sé na theannta tamall mór fada agus is dócha gir dhein sé aithrighéacht maith de Sheán acht i gceann roinnt laetheannta is amhlaidh a thosnuigh Seán ar dhul i bhfeabhas agus i gceann trí seachtmhaine bhí sé na shláinte agus ag siúbhal amach dó féin. Do ráinig ar an am céadna go raibh an minister ag déanamh sochrughadh ar an dteampall agus bhí sé ag bailiú airgid ar fud na paróiste dhó.(continues on next page)
- Informant
- Daibheád Ó Coitir
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork