School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 261

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 261

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 261
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear na Cómnuidhe i mBarra na hAoine. Thárla go raibh aige láir...

    Pádraig Ua Súilliobháin Cúmastabha 70 bl. d’innis
    Bhí fear ‘na cómhnuidhe i mBarra na h-Aoine. Thárla go raibh aige láir. Bhí searrach dubh aici bliadhan as dubhairt gach éinne leis go n’imtheóchadh rud éigin air féin ní ar an gcapall toisg an searrach san choimeád nuair ná raibh aon paiste dubh uirthi. Dubhairt na cómharsain leis dá gcuirfeadh sé píosa d'airgead bán fán gcroiceann aici go bhfásfadh clúmh bán ar an bpaiste sin. Ghearr sé san éadan í a’s do chuir sé isteach leath choróinn fán gcroiceann agus d’fhuaig suas arís é. D’fhás an clúmh bán san áit bhí an t-airgead. Nuair a bhí sí dhá bhliadhain d’aois chomáin sé go dtí an cnoc í i dtosach an tSamhraidh. Ar maidin lae an Phuic chuaidh sé go dtí an cnoc d’iarraidh an bhramaig chun í bhreith ar an Aonach. Chuarduig sé idir árd agus íseal acht ní fuair sé í marbh ná beo. Cúig bliadna na dhiaidh san chuaidh an fear go Tráighlí ag ceannach trucailleach a’s bhuail fear chapaill dhuibh leis agus paistín cruinn bán na h-éadan aici. Dféach sé ar an gcapall agus ar nóimeat chuimhnig sé ar a chapall féin. Tháinig sé chun cainnte leis an bhfear agus cheistigh sé é. Níor fhéad an fear aon fhreagra ceart do thabhairt do agus thug seisean ó’s comhair breithimh é. Do dhearbhuig an fear go raibh an capall cúig bliadhna aige agus gur ar Aonach an Phuic cheannuig sé í. Dubhairt an fear ó Bharra na hAoine nárbh leis féin an capall muna raibh leath choróinn na h-éadan. Gearr an breitheamh an t-éadan agus thuit an leath choróinn amach. “Tá an ceart agat” ar seisean annsan. “Is leat an capall a fhir macánta. Tóg leat í.”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Súilliobháin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Com Dhá Stogha, Co. Kerry