School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 239

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 239

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 239
  3. XML “Ceardaithe agus Ceirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fíonán Ua Muircheartaig 14½ bl. Cill mac Ciarainn – a athair Partalán 58 bl.
    Céardaidhthe agus Céardanna
    Gabhna:
    (a). Gabha ‘na chomhnuidhe ar thaoibh an bóthair ag tigh Thaidhg Uí Shúilliobháin darb’ainm do Conchubhair ó Luasa agus bhí a chéardcha aige ag geata tighe an mháighistir. Do dhein sé rámhainn is cruidte, sceana, coinnleóirí, pící, bacáin, tuislí do d’aoinibh na h-áite seo. Mhair sé tímcheall 50 bl. ó shoin
    (b). Gabha eile darab ainm do Pádraig Ua Siodhthcháin agus céardcha aige san áit atá stábla an mháighistir anois. Do dhein sé cruidthe, rámhainn is sluaistí. Chómhnuig 55 bl. ó shoin.
    (c). Gabha i seómra tighe Mhichíl Uí Fiannachta. Seán Ua Donnabháin. Dhein cruidthe capall agus tairrngí. Mhair 55 bl. ó shoin.
    (d). Gabha 40 bl. ó shoin san áit céadna. Seán Duilleach Ua Súilleabháin.
    Figheadóirí
    (a). Figheadóir ar thaoibh bóthair i bpáirc Mhichíl Uí Shúilliobháin. Seán balbh ua Conchubhar a b’ainm do. Dhein plainnín do’s na daoinibh. Siopa beag mísleán ag a mhnaoi. Fuaireadar bás 50 bl. ó shoin.
    (b). figheadóir eile i bpáirc an mháighistir Domhnall Ua Conchubhar a b’ainm do. Plainnín is anairt. Bás 40 bl. ó shoin.
    (c). Cois tighe Dhomhnaill Mhic giolla Pádraig ar thaoibh an bhóthair. Bhí figheadóir darab’ ainm do Mícheál Ua Laoghaire. Dhein plainnín agus anairt. Mhair timcheall 50 bl. ó shoin.
    Gréasaidhthe:
    (a) Seán Mac Cárthaigh cois an lána. Dhein bróga agus gléasanna capall do dheisiú. Scian a dhein gabha, casúr, pinsiúr agus cúpla ceap – A mhac sa Chathair.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Fionán Ua Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
    Informant
    Partalán Ua Muircheartaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    58
    Address
    Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry