School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 218
  3. XML “Seanchas Stairiúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanchas Staireamhail
    Domhnall Ua Cúrnáin Málainn 48 bl.
    Na Finíní
    Captaen Ó Conchubhair ó Americeá. Bhí sé ag cur fé i dtigh Sheáin Dáith i gCathair Saidhbhín. D’éirigheadh sé amach ar fuaid na sráide agus culaith mná air agus ní raibh aon amhras ages na ‘Peelers’ annsan air. Bhí mo athair ‘na gharsún óg agus an cuimhne ba shia shiar na cheann ná go dtáinig trí fichead Pílear agus gunnaí aca aon lá amháin anfar de dhruim Chnuic Chill Mhic Ciarainn ar thóir na bhfiníní agus chuardaigheadar na h-aon rúinne de Mhálainn acht níor bhuail aon ní leó.
    Na Deachmhaidhte:
    Thugadh na daoine an deachmhadh cuid le gach nídh a bhíodh aca do’n Mhuinstéir. Bhíodh fear á bhailiú ins gach ceanntair. Bhí prócadóir na h-áite seo ‘na chomhnuidhe i gCill mhic Ciarainn mar atá Mhícheál de Faoite anois. Bhí a bhean ‘na dhiaidh ann ‘Cailleach an Phrócadóra’ a thugtí uirthí. Bhí gáirdín deas cistin ann agus is iongantach é go bhfuilid na blátha anois ann ‘na h-aon Samhradh sa pháirc taobh thiar do’n tigh.
    Gorta:
    Fuair Bean Uí Shíodhthacháin Dromaireach bás. Bhí sí féin agus a fear breóidhte i n-éinfeacht. Cailleadh a bhean agus bhí an fear ró lag chun í a bheir go Teampall na Dromada. Dubhairt an fear le na dhearbhráthair í thógaint do’n Teampall agus go bhféadfadh sé an chaora a bfearr a thógaint mar thuarasdal. Ré bhuachaill a beadh an duine sin. Thóg sé an chaoira agus chuir sé an bhean bhocht i gcúinne na h-iothlainne cois an tighe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. secret societies (~18)
          1. Fenians (~141)
    2. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
        2. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnall Ua Cúrnáin
    Gender
    Male
    Age
    48
    Address
    Málainn, Co. Kerry