School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 200

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 200

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 200
  3. XML “Hens to Bed”
  4. XML “Ducks to Bed”
  5. XML “Geese to Bed”
  6. XML “Sparáinín an Airgid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cinn eile. Beir ar an gceann san arís. Caith anáirde arís é acht roimh breith air, cuir isteach póirín idir dhá mheur agus annsan fé’n láimh. Dein so go mbeidh na cinn eile fé’n láimh. Annsan árduigh an lámh chlé. Caith póirín anáirde agus tóg na cinn eile don talamh roimh breith air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. 7. Ducks to Bed
    Cuir bas na láimhe clí ar an dtalamh – meuranna ó chéile. Coimeád na póiríní san dorn deas. Caith ceann anáirde agus fén am san scaip na cinn eile. Beir air agus caith anáirde arís é. Cuir ceann díobh ar an dtalamh isteach idir barraíbh na meur roimh breith air. Lean annsan ag caitheamh anáirde agus ag cóiriú go mbeidh na ceithre cinn idir na meurannaibh. Caith anáirde an ceann arís agus tóg ceann idir na meurannaibh roimh breith air. Lean go mbeidh na cinn go léir agat. Arduígh an lámh chlé. Cuir na póiríní le chéile ar an dtalamh. Caith ceann anáirde agus beir greim ar na ceithre cinn eile roimh breith air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
  3. 9. Sparáinín an airgid.
    Iompuigh lámh chlé go mbeidh uile ar barr agus drom na láimhe ar an dtalamh. Coimeád na póiríní sa dorn deas. Caith ceann anáirde. Scaip na cinn eile, agus beir ar an gceann anáirde. Caith póirín anáirde arís. Cuir ceann des na póiríní eile i mbas na láimhe agus beir ar an gceann anáirde. Lean go mbeidh an ceithre cinn i mbas na láimhe. Caith anáirde arís agus tóg d’aon iarracht na cinn a bhí i mbas na láimhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.