School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 194

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 194

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 194
  3. XML “Cluichí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    An Tlúgh:-
    Deireann duine le duine eile “An fhaid a bheidhir amuigh cuirfead banbhaí ag gnúsactaigh ar fuaid an úrláir agus muna bheidh amhlaidh is féidir leat me tachtadh leis an dtlúigh. Imthigheann thar doras amach agus sáitheann an duine eile an tlúigh sa teinidh agus nuair a thagann isteach deireann an duine eile “Ní cloisim ag gnúsachtaigh iad agus tugann fogha fé’n dtlúigh agus ró thapaidh raideann uaidh é.
    Cleas an Chorcán:-
    Cadhrán i gcorcán agus duine 'na shuidhe air. An cadhrán do ghuid. Sé deineann an gadaidhe ná lámha fliucha do chuimilt le taoibh an chorcáin, aghaidh an duine ar an gcorcán do smearadh agus is ró thapaidh leómhfaidh sé do’n duine é thógaint.
    Cleas na Cathaoireach:-
    Luighe ar dhrom cathaoireach agus lámha laistiar de ag duine. An chathaoir a scaoileadh go talamh agus cadhrán ag a béal do thógaint 'na bhéal agus annsan túirling ar ais arís.
    Na Lachainn:-
    Cnapán cloiche ar chloich, san le duine de dhream. Annsan an dream eile ag raideach cloch leis an gcloich ar buaic. Ar unaer na cloiche sin bíonn greim bhreith ar dhuine de’n dream ag caitheamh sul a sroiseann sé ceann sprice arís. Bíonn ar an duine sin a lacha nó cloch chur ar bhuaic.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish