School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 144

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 144

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 144
  3. XML “Micí Sheáin Dáith fé Ghlas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Micí Sheáin Dáith. Tá tagairt do Súd i dtosach an leabhair. Cuaidh go h-Aimeirice agus chas ar ais arís cois Chomaraig.
    Seán Ruadh Ua Súilliobháin d’innis
    Micí Sheáin Dáith fé ghlas, Com na Leith
    Nauir a théighim go dtí an Currán bíonn náire istigh in mo chroidhe
    Ag fir is ag mnáibh ‘na dtáintibh lem taoibh
    Ag iomad mo cháis-na barrantaisí tairringighthe ón dlighe
    Ag Sighle an t-Súsáin – Labhráis fear a cheasmair bhuidhe
    Nuair a théighim go Tráighlí bíonn na mílte glas ar gach ‘hall’
    Fallaí geala aoil agus aoirde ná faca in aon áit
    Gan fághailt ar bhraon dighe acu acht mo chroidhe chómh tirim leis an gclár
    An leabadh nuair a luighim foríor ní codlaim a lán.
    A Shíghle na nGamhnach ar níl beó
    Ní bheidh Labhrás id’ theannta ná leamhnacht na mba agaibh á ól
    Is olc a chuaidh t’fhoghluim air is spalpadh na leabhar so gan chlódh
    Agus beidh tú agus breall ort agus do tholldruimín in iarthar do Th----n
    A Shighle gan daonacht sa tsaoghal so nách fad bheidhir buan
    Do chuir mé le ‘hard labour’ le leabhar éithig go Tráighlí ó thuaidh
    Baileóchamh ár ngaolta go léir agus déanfaidh ár n-easgaire buadhairt
    Bainfeam sásamh gan bhuidheachas as plaosgannaibh na ‘Jackenna’ thuaidh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ruadh Ua Súilliobháin
    Gender
    Male