School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 127
- XML “An Ceol Sí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)arís air. Thug sé na dearbhacha dubha ná seinnfeadh sé arís é go bráth na breithe. Chualaidh an Cúnseiléir Óg go raibh an Ceól Sídhe ag an píobaire is chuaidh sé chuige is dubhairt leis an Ceól Sídhe do sheinm. “Ní fhéadfainn é ar shaidhbhreas an Domhain” ars an piobaire ”agus ní id’ eiteach é a dhuine uasail” ar seisean. “Tá cúig nóimiti agat is mara seinnfir é sé do cheól ar an gcróchar é” ars an C - óg ag tarrac a pistil amach as póca leis. Ní raibh cead teichte ná tormais ag an fear bocht is do bheir sé ar píobaíbh is do sheinn sé an ceól áluinn ar fad is nuair a bhí greas beag seinnte aige d’imthig an C – óg abhaile sásta acht tháinig an píobaire ar an dtaobh caoch de. Ní h-é an Ceól Sídhe sheinn sé in aon chor acht an Giolla Ruadh.
- Informant
- Dómhnall Ua Cúrnáin
- Gender
- Male
- Address
- Málainn, Co. Kerry