School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 122
- XML “Clochán Mhóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsúd do dhearcas óigbhean mhaiseamhail mhódhamhail mhín
‘S thugas searc thar meóin di sí bean an Gruaighe BuidheD’fhiosruigheas féin do’n óig bhean cá tuath dhuit nú cá thír
‘S cad a thug chómh luath thú cois Clochán Mhóir id shuidhe
Bhfuil súil agat le óigfear a thógfadh brón dod’ chroidhe
Nú a bhfuil tú féinig pósta a Bhean na Gruaighe Buidhe.Do thabharfainn ón le caitheamh duit ‘s airgead dá dhruim
Bólacht bó breágh bainne dhuit is scata each a Righ
Scal breágh gadhar ag sealg duit
Ní pósta ná prástála do thánga annso mar bhídhim.Do fhreagair sí go tláth mé ins na ráidhtibh meala grinn
Cé gur fada ar fán ón mbaile mé ars’ Bean na Gruaighe buidhe.
Dá dtabharfá sa do lámh dom níor bhfearr liom Coróinn an Ríogh
Mar do thugas searc is grádh dhuit dubhairt Báb na Gruaige Buidhe.Ní d’ór buidhe ná d'airgead do thugas searc a Ríoghan
Acht do bhéilín mhilis meala is dod’ dhearca is dod’ ghnaoi
Mar dá bhfaighinn sé ríoghacht na Banban is inghean óg an Ríogh
Do bhfearr liom claoidhe le h-aindeise is le bean na Gruaige Buidhe.Le na linn sin tháinig feocan ó ghruadh na Binne duibhe
Ag casadh ar fuaid na gualann is á luasgadh le ceól sídhe
Do dhruideas féim lem stórach ‘s a Dhia na hCómhacht gan Teimheal
Ní bhfuaireas rian na tuairisg ar bhean na Gruaige Buidhe.(continues on next page)- Informant
- Domhnall Ó Cúrnáin
- Gender
- Male
- Address
- Málainn, Co. Kerry