School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)I dtaoibh le Nóra bhúr ndiaidh go léir
Mícheál is Dómhnall d’imthig rómhatsa
‘S chuaidh a feóchadh uaim síos fán gcréNíl tráthnóna ná maidin ró mhoch
Ná sílim deora nuair bhíonn liom féin
‘S go deimhin is dócha nách buan bhúr ndeóidh mé
‘S dá bhinne ceolta ba bhinn liom iadNá bí dearmhadach nuair raghair id rúm ‘steach
‘S tacfair ar do ghlúinibh roimh codla go sámh
Do phadreacha dúbailt le h-iomarca dúthracht
Ag iarraidh congnamh ar Rígh na nGrást
Nuair a bheadh na p’léir á rusgairt iad chur b’ím os cionn leat
‘S na deataighe púdair ag deunamh oidhche don lá
‘S mó fear maith súgach a bheathuigheadh go h-úr bhog
Go bhfuil a chuid fola na srúill is é sínte ar lárA Dhairmuid a stóraig taoi sé óg beag
‘S dein mo cómhairle i dtosach do shaoghail
Cé gur truagh go deó liom nar fheucas rómhatsa
Sar ar chuadhais le cróin phuic thar lear i gcéin
Críochnuig scór leó nó bliadhain na dheóidh sin
Do phinsin gheobhair is tar id dhúthaigh féin
Cuir do dhóchas as Rí na Glóire
‘S tabharfaidh sé beó thú thar n-ais gan baoghal- Informant
- Dómhnall Ua Cúrnáin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Address
- Málainn, Co. Kerry