School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Connac píosa bagúin ar chrochadh ar an bhfalla i dtig agus nuair a bhíodh an bagún fliuch sin comhartha báistighe.
Connac feámain ar crochadh ar an bhfalla idtig agus in aimsear breágh bíonn tirm agus nuair a fliuchann sé sin comhartha báistighe.
Bhí fear i Maol-lios fad ó agus nuair a bhíodh sé ag obair ins na páirceannaibh agus nuair a chloiseadh sé an gaoth ag séideadh annuas ó Chúm Cailighe, chromadh sé síos cun an gaoth a leigint thairis agus chaitheadh sé a hata, nó sopa féir leis an gaoith ar eagla go sgiobfadh an céad gála eile é féin leis.
Tá easach ins an Giodaig agus nuair a chíonn tú dhá spouts uisce ag éirighe anáirde sa spéir sin comhartha droch lá.
Ceó ar Carantuathail, acht barr an chnuic glan sin comhartha lá breágh te sa samhradh.
Deireann Diarmaid Ó Donnchadha go mbíonn glór in a chluais clé nuair a bhíonn stoirm ag teacht.
Tuiteann súgh annuas ón chimné nuair a bhíonn báisteach ag teacht.- Informant
- Siobhán Bean Mhic Gearailt
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Beaufort, Co. Kerry