School: Gort Buidhe (roll number 14509)

Location:
Gortboy, Co. Kerry
Teacher:
Gilbert Mac Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 021

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 021

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Buidhe
  2. XML Page 021
  3. XML “Tig na Scoile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí máistir scoile in a chomhnuidhe sa tig seo timcheall le seasca bliadhain ó shoin. Pádraig Ó Síothcháin ab ainm do. Bhí sé pósta acht ní raibh clann aige. Árd scoláire ab eadh é. Bhí gaodhluinn agus béarla aige agus bhí roinnt laidne agus gréigis aige leis. Bhí an tig i bhfeirm Mhichíl Diarmáin (Tá trí nó ceithre tighthe ann fós) Bhí an scoil ag Pádraig igceann aca. Bhíodh suas le fiche buachaill ag an scoil gach aon lá. Sgiling an rátha a dhíoladh gach duine aca. Do shuidheadh na scoláirí ar fóid mhóna inaice an fhalla. Ar slinní a sgríobhaidís. Gheidheadh an máistir a dhóthain bainne agus prátaí go flúirseach ós na feirmeóirí mór timcheall na h-áite.
    Do dheineadh sé hataí tuighe, mar bhí sé ana chliste leis an snáthad. Is minic a theigheadh sé go Cilláirne agus dosaon hataí le díol aige. Aon lá amháin bhí sé ann agus do dhíol sé na hataí go léir ar sgilling an ceann. Bhuail cúpla comharsann leis agus chuadar isteach i dtig tabhairne agus d'fanadar ann ag ól fuiscí go dtí go raibh an t-airgead go leir caithte aige. Tháinig sé abhaile go brónach agus gan pinghinn in a phóca agus geallaim se dhuit
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Gortboy, Co. Kerry