12/3/2018 Weekly Pick  (See more »)

School: Gort Buidhe (roll number 14509)

Location:
Gortboy, Co. Kerry
Teacher:
Gilbert Mac Gearailt

Filter stories

Back
/ 160 Forward
Resolution: Low | High

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Níor tháinig Naomh Pádraig go dtí an paróiste seo Dubhairt sé go raibh muinntear na tuatha go maith, macánta agus níor gádh dó teacht cun íad do bheannúghadh.

Bailigheann na buachaillí seamróg maidin lae Fhéile Pádraig. agus caitheann gach duine gas mór seamróige ar a chaipín Caitheann na cailíní crosanna pádraig nó cláirsighe glasa ar a nguailne.
Chuireadh na sean-daoine bochta slat-sailighe isteach sa teine agus annsan do dheinidís figúir na croise ar guailnibh na leanbhaí óga le barr na slaite dóighte.
Théigheadh na feirmeóirí san áit seo go Cillorglain an lá san fad ó, acht anois chaithfidís fanamhaint sa bhaile. Lá saoire mór i lár an earraig a beadh an lá so agus théigheadh na feirmeóirí go dtí an baile-mór ag ceannacht síl-coirce, nó guano igcóir an earraig. agus nuair do chasadh feirmeóir le feirmeóir eile sa sráid deireadh sé "mo Phota Phádraig ort".

(continues on next page)
Informant
Domhnall Ó Cróinín
Gender
male
Age
57
Address
Gortboy, Co. Kerry
Language
Irish